11.10.12

Aggiornamento!

Caoga bliain ó shin osclaíodh Comhairle na Vatacáine sa Róimh. Bailíodh níos mó ná dhá mhíle easpag in Eaglais Mór Naomh Pheadair don fichiú chomhairle dá chineál.

Tá an Pápa Benedict XVI á gcomóradh tré Bliain an Chreidimh a fhógairt ón lá seo le smaoineamh agus guidhe ar thorthaí na Comhairle. Tá an méid sin rudaí gur féidir a rá faoi agus tá an-mhí-thuiscint air na Doiciméidí a thánaigh amach as. Bhí sé le "fuinneoga na hEaglaise a oscailt le seans a thabhairt don Spiorad Naomh séideadh i ngach áit inti," mar a dúirt Eoin XXIII.

Tháinig an-chuiod athraithe as an gComhairle ar ndóigh agus tá tuilleadh le theacht. Ach ar bhealach tá teipithe ar muna dtuigean muid toil an Spiorad Naomh céanna. B'fhéidr go bhfuil aidmm an Chomhairle agus aidhm na hEaglaise féin i bhfocail an fáidh Míoca fadó:

"Míníodh duit a dhuine, céard is maith agus cad a iarrann an Tiarna ort?

Níl uaidh ach seo: an ceart a dhéanamh, an buanghrá a chothú agus siúl go humhal i bhfochair do Dhé!"

Conas atáim inniu?

1 comment:

  1. Tá daoine a rá gur shéid stoirm isteach na fuinneoga údaí a scrios, agus daoine eile a rá nár tháinig ach frithbheart agus cur leis.

    Is fann Eaglais an lá inniu le ghualainn an Eaglais a shéid Eoin 23 fuithi an leithchéad bliain ó shoin.

    Fearn

    ReplyDelete