12.9.12

Rós aonarach!

Bhí mé amuigh ag siúl, ag lorg breis sméara dubha, nuair a chonaic mé dáth bán dearg i measc na luachra.

Cheap mé go mbfhéidir gur bláth neamhghnach a bhí ann agus rinne iarracht dul amach chuige chun pictiúir a ghlacadh. Rud a rinne mé ach ní sular bathadh mo dhá chois sa riaisc.

Cad a bhí ann ach rós fiáin agus ní sampla mhaith a bhí ann ach bhí sé go hálainn leis féin sa bhfásach fliuch sin.

1 comment:

  1. Sílim go bhfuil an radharc ag leathadh orm, nó tá mé ag féachaint déanamh amach caidé an lus aonair atá ag cur cluana ort?

    Rós bog Rosa mollis
    Rós léana Rosa arvensis
    Rós rúscach Rosa arvensis
    Rós Shioraird Rosa sherardii
    Rós stíleach Rosa stylosa
    Róslabhras Rhododendron ponticum

    Ní mé? Ní mé an rós é ar scor ar bith?


    Fearn

    ReplyDelete