3.8.12

Máiméan


Bíonn an oilthreacht bliantúil go dtí Máiméan ann ar an gcéad Domhnach i mí Lúnasa de gnáth.

Deirtear gur sean-áit pagánach atá i Máiméan ach san 5ú aois tháinigh Pádraic, Aspal Éireann, chuig a bearna seo sna sléibhte Mám Tuirc agus bheannaigh sé tailte agus muintir Chonamara. Mar sin is thachtach an áit é do phobal Chonamara ó shin agus tá nós phatrúnachta san áit ón am sin anuas.

Se an tAth Micheál Mac Gréal S.J., a chuir crot eagraithe ar an oilthreacht agus an suíomh mar atá sé anois. Tógadh seipéil beag - Cillín Phádraigh in aice leis an uaimh nó cuasán beag a glaoghtar Leaba Phádraic air. Tá stáisiún na croise ann agus dealbh Phádraic agus é óg snoite ag Clíona Cussen sna hochtóidí.

Tá carraigh aifreann ann leis, mar is cosúil gur anseo a céiliúradh an Aifreann naofa in aimsir na péindlithe.

Tá sé éasca go leor dul ann, níl sé leath chomh deacair leis an dreapadóireacht ar Chruach Phadraig ó thuaidh. Is siúlóid deas é ón mbóthar N59 in aice leis an Srath Salach nó ón mbóthar idir Mám agus An Líonáin. Agus is aoibhinn go deo iad na radharcanna le feiscint ann.

Pádraic, Aspal Éirinn guidhe orainn!

3 comments:

  1. Tá súil agam gur chuir tú paidreog lenár n-anamsa!


    Fearn

    ReplyDelete
  2. Go hálainn ar fad. Bhí an t-adh libh leis an aimsir.

    ReplyDelete
  3. Go hálainn ar fad. Bhí an t-ádh libh leis an aimsir.

    ReplyDelete