5.7.12

Eolas, fios nó aithne?

Bhí cuairteoirí againn le déanaí. Ba Finnéithe Iáivé iad agus thugadar billeog dúinn a chuir an cheist "Ar mhaith leat fios a bheitha agat ar an bhFírinne?"

Chuir sé sin ag smaoineamh mé. Seans gur smaoineamh nach raibh in intinn iad siúid a scríobh an billeog a bhí ann ach chuir sé a smaoineamh mé. Roinnt mhaith bliain ó shin d'éisigh cliarlathas na hÉireann tréad litir leis an tideal, "Eolas ar Chríost!"

Is dócha gur aistriúchan ón mBéarla atá san dá doiciméad a léiríonn bfhéidir míthuiscint ar céard tá i gceist leis an bhfocal "know""knowledge" sa Bhéarla i gcúrsaí chreidimh, cúrsaí Chríosaíochta ach go h-áirithe!

Dúirt Íosa Chríost féin gur eisean "an Bhealach, an Fhírinne agus an Bheatha..."(Eoin 14;6). Ach ag an am céanna is duine daonna é freisin. Cé go bhfuil sé tabhacht eolas air a bheith againn agus fios a bheith againn air, sílim féin go bhfuil i bhfad níos mó ná sin i gceist ná eolas amháin nuair atá muid ag caint ar Íosa. Tá sé éasca go leor an-chuid eolas, nó diagacht a bheith ar mo thoil agam ach ní bheadh ansin ionam ach "clog callánach nó ciombal clingeach!" (1 Cor 13;1).

Céard tá i gceist agam?

Nach bfuil seans ann go bhfuil muid mí cheart ag chuir an-iomarca béim ar an eolas, an fios seo? Sea, tá sé tabhacht eolas a bheith againn ar firicí shaoil Chríost, ar a theagasc agus fiú na riailacha nó dlí. Ach mar a dúirt Íosa in áit éigin eile is do na daoine a deaneadh an dlí ní an duine don dlí. Cad is fiú an t-eolas seo go léir gan dul chuig croí lár na Críostaíochta?

Agus ceard é seo, croílár na Críostaíochta? Comhchaidreamh nó muinteareas le Chríost atá i gceist! Agus  an féidir comhcaidreamh nó muinteareas a bheith agam le h-éinne gan aithne a chuir air?

Tá fios air go maith. Tá eolas air go maith! Ach an fiú tada an eolas nó an fios san a bheith agam gan aithne a bheith agam air?

4 comments:

  1. Amantaí, is léir gur fearr an Ghaeilge ná an Béarla go deimhin.

    ReplyDelete
  2. B'fhéidir nach bhfuil i mórán creideamh ach an teachtaireacht chéanna : an tslí chéanna.

    m.s, maítear sa Bhúdachas:

    "Cuir uait an tOlc;
    Foghlaim an mhaith;
    Glan do chroí fhéin;
    Sin slí an Bhúda."

    Deacair liom a chreidbháil go gheibheadh Íosa cúl a dhoirn leis sin.

    B'fhéidir go molann an teachtaire an teachtaireacht, ach ní hionann an teachtaire agus an teachtaireacht bíodh is go bhféadfadh sé bhieth ina sháreisimláir.


    Fearn

    ReplyDelete
  3. Tá difríocht amháin idir Búda agus Íosa. Dúirt Búda, "Seo an slí¡" Dúirt Íosa, "Is mise an bealach.."

    Ar bhealach is dócha go bunúsach gurb é an difríocht idir an Críostáiocht agus gach creideamh eile ná gur comhcaidreamh idir Íosa and an Críostaí. Mar a dúirt duine de Dochtúirí na hEaglaise (Aibhistín, tá mé ag ceapadh), "Bíodh grá agat d'Íosa agus dean pé rud is mian leat!"

    ReplyDelete
  4. "Bíodh grá agat d'Íosa agus dean pé rud is mian leat!"?

    Aibhistín a dúirt, ACH, rud beag amach as: Bíodh grá agat do DHIA agus dean pé rud is mian leat.

    Is fíor a deir tú ó thaobh slite .i. "Seo an slí" ag an Búda agus , "Is mise an tslí.." ag Íosa, cé nach athraíonn sé an teachtaireacht.

    Freagraíonn sé do cheist fhéin áfach .i.Nach bhfuil seans ann go bhfuil muid mícheart ag chuir an-iomarca béim ar an eolas, an fios seo?


    Freagraíonn sé do cheist más mór agat pearsa Íosa thar phearsa an Bhúda. Agus sílim gur mór agat.


    Fearn

    ReplyDelete