7.2.12

Táirne eile i gcónra an tuath!

Tá mé ag éisteacht le Pádraic a' Táilliúra ar  an raidío  ar maidin. Is faoin gcáin nua seo ar humair múnlaigh nó dabhachanna séarachas atá sé ag caint.

Táirní Chónra
Ní dóigh liom go raibh muintir na Gaeltachta chomh oibrithe faoi chúrsaí agus atá siad faoi láthair. Feictear dóibh go bhfuil an Rialtas seo idir Ruairí Quinn agus Phil Hogan ag iarraidh deireadh leis an nGaeltacht, agus an tuath "Béarlach", tré na scoileanna beaga a dhúnadh agus cáin so-bhreis a chuir ortha ná mar atá ar dhaoine atá ina gcónaí sna cathracha agus sna bailte.

Bhí na sluaite ann ar son na scoileanna beaga, "Ruairí Quinn, Éist Linn!" agus is cosúil nach ag éisteacht atá sé. Ar ndóigh ó thaobh na Gaeltachta de níl mórán íontas ann nuair nach féidir ach le 1% d'fhoireann na ranna sin i ndan a chuid ghnó a dhéanamh i nGaeilge!

Mar an gcéanna le cás na scoileanna tá ceist na dabhachanna go mór i mbéal an phoball anseo. Bhí timpeall 500 taobh amuigh Teach Laighean le déanaí. Anois tá suíomh idirlíon ag an gluiaseacht seo, Mo thír dhuchais féin! Ansin is féidir a n-achainí ar líne a shíniú.

1 comment:

  1. Ní bheidh Fine Gael sásta go dtí go bhfuil deireadh curtha leis an teanga, de réir cosúlachtaí is í sin an aidhm atá acu cibé

    ReplyDelete