29.8.11

25 bliain ag fás!!! Duaiseanna le fáil!

Lóistín deireadh seachtaine do bheirt, ar an Aoine agus Satharn 4/5 Samhain, agus béile in Óstán an Brehon, Cill Airne, le linn Oireachtas na Samhna 2011, chomh maith le ticéid d’imeachtaí an Oireachtais atá mar phríomhdhuais sa chrannchur atá á eagrú ag Club Árus na nGael mar chuid de chomóradh 25 bliain an Chlub. Tá comhcheangal déanta ag an gClub leis an gcarthanacht Jack and Jill (Béarla) mar chuid de chomóradh 25 bliain an Chlub agus rachaidh iomlán an airgid ó dhíol na ticéid díreach chuig ciste Jack and Jill chun cabhrú leo san obair luachmhar atá idir lámha acu.

Tá an duais seo urraithe ag Oireachtas na Gaeilge agus beidh neart duaiseanna breátha eile le buachan nuair a dhéanfar an tarraingt le linn oíche cheiliúrtha an Chlub ar an Satharn 10 Meán Fómhair.

Déarfainn go mbeadh an-tóir ar na ticéid don oíche cheiliúrtha seo agus ní mór gníomhú láithreach má tá ticéad uait. Is féidir ticéid, luach €20, béile san áireamh, a cheannach ó oifig Chonradh na Gaeilge, 45 Sr. Doiminic, 091 567824. Níl ach líon teoranta ticéid fágtha ag an bpointe seo.

Beidh marquee feistithe i gclós Áras na nGael mar chuid den cheiliúradh agus is iad na ceoltóirí iomráiteach Liam Ó Maonlaí (Béarla) agus Rónán Ó Snodaigh (Béarla) a bheidh mar aoicheoltóirí na hoíche agus beidh neart ceoltóirí agus amhránaithe i láthair freisin mar chuid den spraoi.

Tá Club Árus na nGael ag súil go mbeidh oíche den scoth acu chun ceiliúradh ceart a dhéanamh ar obair an Chlub le 25 bliain anuas.

No comments:

Post a Comment