7.7.11

Colm de Bhailís - Céiliúradh deireadh seachtaine

Déanfar comóradh an deireadh seachtaine seo romhainn ar an bhfile Cholm de Bhailís, comóradh atá á eagrú ón bhliain 1995 mar chuimhneachán air.

Colm de Bháilís 1796-1906
Tógadh an pictiúir i 1903

Rugadh Colm sa bhliain 1796 agus bhain sé cáil amach do féin mar chumadóir ar chuid d’amhráin mhóra Chonamara ar nós ‘Amhrán an Tae’ agus ‘Cúirt an tSrutháin Bhuí’.

Cuirfear tús le himeachtaí an tSiamsa le teacht le chéile ag 5.00in tráthnóna Dé Sathairn ag Teach an Phiarsaigh, ag déanamh comóradh ar an gcaoi ar tháinig an Piarsach i gcabhair ar Choilm de Bhailis agus é i dTeach na mBocht in Uachtar Ard. Ina dhiaidh sin tabharfar aghaidh ar uaigh Choilm de Bhailís ag Reilig Chill Chuimín in Uachtar Ard. I ndiaidh na hócáide seo fillidh an tslua ar Eanach Mheáin áit a mbeidh neart ceoil agus comhluadar sa Hooker Bar.

Ar an Domhnach beidh teacht le chéile ag Cúirt an tSrutháin Buí, áit a mbeidh Aifreann in ómós do Cholm agus filí eile an cheantair ag 3.00i.n. Leanfar ina dhiaidh sin le fleá agus féasta agus bronnfar Gradam Choilm de Bhailís agus roghnófar Banríon na Sairdín. Cuirfear críoch le himeachtaí an tsiamsa le seisiún ceoil sa Hooker Bar, Eanach Mheáin, ag 9.30i.n.

4 comments:

  1. An bhfuilim á léamh seo i gceart?!
    "Colm de Bháilís 1796-1906"!

    ReplyDelete
  2. Sea bhí sé céad is a deich nuair a fuair sé bás - Bhí sé cead is a seacht nuair a tógadh an pictiúir sin. Sean lead a bhí ann i ndairíre!

    ReplyDelete
  3. Nach aoibhinn do dhuine ar bith a bheas thiar in Eanach Mheáin...:-)

    ReplyDelete
  4. Aha! "Briseann an dúchas...."

    ReplyDelete