14.4.11

Aitheantas Eorpach do TG4

Thuill dhá shaothar an-éagsúil mórdhuais agus aitheantas speisialta do TG4 ag comórtas tábhachtach Eorpach, Circom 2011, a tionóladh i Frederikstad san Iorua ag deireadh na seachtaine seo caite. Thug an scannán An Píopa (Béarla) an phríomhdhuais Faisnéise leis agus tugadh aitheantas agus moladh speisialta don tsraith Gualainn le Gualainn, stair an rugbaí in Éirinn, sa duaisaicme do chláracha spóirt.

Tá cáil bainte amach cheana féin ag an scannán faisnéise An Píopa ina dtugtar léargas ón taobh istigh ar an scoilt i bpobal beag in iarthuaisceart Mhaigh Eo a bhfuil an dá thuairim ann faoin leas a dhéanfaidh críochfort agus píobán gáis atá á thógáil ansin. Fear áitiúil, Risteárd Ó Domhnaill, a stiúraigh an saothar agus fuair sé maoiniú don togra ó TG4, Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Bhord Scannán na hÉireann. Tá duaiseanna aitheanta faighte ag an scannán seo cheana, ina measc Clár Fada Faisnéise is Fearr ag IFTA 2011 (Béarla) agus Duais an Lucht Féachana sa rannóg chéanna ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2010 (Béarla). Beidh sé san iomaíocht ag Féile na Meán Ceilteach 2011(Béarla) i Steornabhagh ar Oileán Leodhais in Albain an tseachtain seo freisin.

Thug an giúiré ag Circom ardmholadh do shaothar eile ó TG4 sa duais-aicme Spóirt. Cheithre chlár atá sa tsraith Gualainn le Gualainn a ríomhann fás an chluiche óna thús ar fhaichí féaruaithne na huasaicme Angla-Éireannaigh i gColáiste na Tríonóide in 1854 go dtí éachtaí iontacha na foirne idirnáisiúnta a bhuaigh an Chaithréim Mhór i 2009. Fastnet Films (Béarla) a léirigh do TG4.

Is é Circom cónaidhm na stáisiún réigiúnach teilifíse san Eoraip, os cionn 300 stáisiún ar fad as 38 tír. Tá ard-mheas ar a chuid comórtas agus bíonn caighdeán an-ard i gceist gach bliain. Is í seo an ceathrú uair le deich mbliana a bhfuair cláracha TG4 duaiseanna agus aitheantas ó Circom.

D’fháiltigh Micheál Ó Meallaigh, Stiúrthóir Coimisiúnaithe TG4, roimh an aitheantas idirnáisiúnta is deireanaí seo do shaothar an chainéil. “Is deas an rud duais i gcónaí,” a dúirt sé “ach is milse fós duais ónár gcomhghleacaithe Eorpacha mar go gcruthaíonn sé go bhfuil fiúntas inár gcuid clár agus meas ar ár n-ábhar ag daoine gairmiúla ó chúlraí cultúrtha atá an-éagsúil linn agus le chéile. Molaim na saothair bhuacacha seo agus lucht a léirithe.”

2 comments:

  1. Dea-scéal don stáisiúin. Iontach go bhfuil meas fós ar chláranna faisnéise nuair is cosúil go bhfuil béim curtha ar chraolacháin spóirt le déanaí, ó thaobh infheistíochta de.

    ReplyDelete
  2. GRMA as an gcur síos faisnéiseach.

    ReplyDelete