1.2.11

Gradam ceoil 2011

Liosta Ghradam Ceoil TG4 2011 foilsithe

Is ar cheoltóir croíúil an chonsairtín as iarthar an Chláir, Noel Hill a bhronnfar Gradam Ceoil TG4 2011. Fógraíodh liosta iomlán na ngradamóirí éagsúla ag nuachtócáid i Músaem na Cathrach (Béarla) i nGaillimh tráthnóna.

Bronnfar Gradaim sna rannóga eile ar phíobaire óg fuinniúil as Co na Gaillimhe, ar amhránaí ildánach as Gaeltacht Chorca Dhuibhne, ar fhidléir aitheanta as tuaisceart Liatroime, ar phianadóir agus scoláire ceoil a bhfuil cáil dhomhanda air agus ar chumadóir cumasach as Chicago a thuill ainmniúcháin Grammy arú anuraidh. Seo liosta Ghradam Ceoil TG4 2011:

• Gradam Ceoil TG4 - Noel Hill
• Ceoltóir Óg TG4 - Pádraic Keane
• Gradam Saoil TG4 - Ben Lennon
• Cumadóir TG4 - Liz Carroll
• Amhránaí TG4 - Muireann Nic Amhlaoibh
• Gradam na gCeoltóirí TG4 - Micheál Ó Súilleabháin


Tá achoimre ar chúlra gach ceoltóra ar fáil ar shuíomh TG4. Gheobhaidh gach gradamóir duais airgid agus píosa speisialta dealbhóireachta a coimisiúnaíodh ó John Coll. Coiste neamhspleách moltóirí a roghnaíonn na buaiteoirí. Bronnfar na Gradaim ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh in Áras Ceoldráma Loch Garman (Béarla) ar an Satharn 2 Aibreán, á chur i láthair ag Aoife Ní Thuairisg, a chraolfar ar TG4 Domhnach Cásca, 24 Aibreán.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir gur scéim aitheantais a léiríonn an meas forleathan atá ar scoth na gceoltóirí atá sa nGradam Ceoil. "Tugann na Gradaim seo deis dúinn ár meas agus ar mbuíochas a chur in iúl d’ealaíontóirí a shaibhríonn ár saol agus a cheiliúrann agus a athnuann ár n-oidhreacht luachmhar cheoil " a dúirt sé.

1 comment:

  1. Rogha iontach ceoltóirí. Táim an-bhródúil go mbeidh an ócáid speisialta seo ar siúl i gCeoláras Loch Garman arís i mbliana. Oíche den scoth, i bhfoirgneamh den scoth.

    GRMA as ucht m'aird a tharraingt ar na blaisíní ar an suíomh TG4.

    ReplyDelete