18.2.11

An bhfaca tú...?

Lucht féachana ollmhór ag Díospóireacht na gCeannairí
Thuill díospóireacht stairiúil Ghaeilge na hoíche Céadaoine ar TG4 torthaí féachana thar a bheith sásúil do TG4, de réir na dtorthaí oifigiúla atá ar fáil anois ó Nielsen (Béarla), an miosúr ar fhéachaint teilifíse in Éirinn.

D’fhéach 132,000 duine ar an meán ar iomlán na díospóireachta 50 nóiméad ar an gcéad chraoladh teilifíse ag 7pm, áit a raibh Enda Kenny, Éamon Gilmore agus Micheál Ó Máirtín i mbun plé agus argóna faoi mhórcheisteanna an fheachtais agus polasaithe Fhine Gael, an Lucht Oibre agus Fhianna Fáil ina leith. Ag a bhuaic bhí 150,000 ag féachaint ar an gcraoladh seo agus d’fhéach 408,000 duine ar chuid éigin de.

D’fhéach 175,000 ar chuid éigin den athchraoladh teilifíse ar an díospóireacht ag 10.30pm aréir, rud a chiallaíonn gur fhéach ós cionn leathmhilliún duine ar chuid éigin de chraoladh teilifíse TG4 ar Dhíospóireacht na gCeannairí.

Tá an Líonchraoladh ar an díospóireacht ar fáil ar Sheinnteoir TG4. Tá dhá leagan ar fáil ann ceann leis na fotheidil Bhéarla agus ceann gan aon fhotheidil. Go dtí seo tá 10,000 cuairteoir faighte acu seo agus an fhigiúir sin ag dul i méid go leanúnach.

Thug tráchtairí agus léirmheastóirí sna meáin, ardmholadh don díospóireacht agus don léiriú seo, an craoladh nuachta agus cúrsaí reatha is airde lucht féachana riamh ag TG4.

Mhol Leascheannasaí Pádhraic Ó Ciardha gach éinne a bhí páirteach sa léiriú, idir pholaiteoirí, chathaoirleach, fhoireann léirithe, fhoireann iriseoireachta agus fhotheidealóirí. “Sampla gléineach den ghairmiúlacht agus den díogras paiseanta atá againn mar chraoltóir seirbhíse poiblí ab ea an lá inné i TG4,” a dúirt sé “agus is léir go dtuigeann an pobal féachana gur maith ann an tsúil eile.” Mhol sé na ceannairí as a dea-shampla agus mheabhraigh sé go leanfaí leis an tseirbhís i gclúdach Nuacht TG4 ar an bhfeachtas toghcháin agus sa tseirbhís torthaí ar Vóta 2011.

No comments:

Post a Comment