29.11.10

Scoth na cártaí agus eile i mBÁC

Bhí mé sa Siopa Leabhar ar Sr Fhearchair, BÁC le déanaí le cartaí nollag a cheannach. Tá i bhfad níos mó na cartaí sa siopa dar ndoigh.

Tá siad ag tacú le táirgí déanta in Éirinn agus le carthanais Éireannacha i mbliana, leis an réimse is mó de chártaí dátheangacha ar díol i 6 Sráid Fhearchair idir seo agus an Nollaig.

Tá tús curtha le hAonach na gCártaí Nollag dátheangacha ins An Siopa Leabhar an mhí seo - iad uile déanta in Éirinn - áit go bhfuil cártaí de chuid na Dánlainne Hugh Lane agus leis an ealaíontóra Éireannaigh Yvonne Kennedy i measc rogha na gcártaí carthanachta eile.

Tá An Siopa Leabhar ag tacú le Concern, Cumann Ailse na hÉireann agus Aware, carthanas a chabhraíonn le daoine in íslebrí, trí chártaí Nollag dá gcuid a dhíol i mbliana. Tá beirt oibrí an tSiopa Leabhar ag bailiú airgid d'Action Prostate Ireland trí chroiméal a fhás mar chuid den bhfeachtas Movember le linn na Samhna freisin.

Daragh Ó Tuama
Arsa Daragh Ó Tuama, Bainisteoir nua an tSiopa Leabhar: "Ní hamháin go bhfuil scoth na gcártaí carthanachta i nGaeilge agus i mBéarla ar díol againn, ach tá scoth na mbronntanas Éireannacha agus Gaeilge le ceannach ins An Siopa Leabhar a chuirfeadh éad ar Dhaidí na Nollag féin fiú!

"Sa bhreis ar réimse leathan leabhar, dlúthdhioscaí agus DVDnna ar nós Cré na Cille a shásódh gach aoisghrúpa, tá An Siopa Leabhar ar cheann de na beagáin asraonta miondíola in Éirinn go bhfuil cluichí Scrabble na Gaeilge do dhaoine fásta de chuid Ghlór na nGael agus béirín ildaite, idirghníomhach BábógBaby ar díol ann."

Níl ach fás agus borradh i ndán do An Siopa Leabhar sna míonna amach romhainn ach oiread - tá suíomh idirlín úr an tSiopa le seoladh go luath (seo an ceann atá acu faoi láthair!) agus déanfar oscailt oifigiúil ar An Siopa Leabhar nua de chuid Chonradh na Gaeilge in Áras Chrónáin, lárionad cultúrtha Chluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath, gan mhoill leis.

No comments:

Post a Comment