29.11.10

"Bhuail mé le Sean-mháthair Obama!"

Is é Frank Reidy a bheidh mar aoi speisialta i gcomhair an Oíche Airneáin a bheidh ar siúl i gClub Áras na nGael 45 Sráid Doiminic , Gaillimh ar an 9 Nollaig.

Sa bhliain 1994, cuireadh an Ceannfort airm go dtí oirthear na hAfraice. Bhí sé ina bhall de mhór-iarracht idirnáisiúnta a cuireadh le chéile faoi scáth na Náisiún Aontaithe chun déileáil leis na fadhbanna iomadúla a d’eascair as líon mór teifeach a d’fhág Ruanda tar éis an chinedhíothaithe.

Beidh sé ag cur síos ar an leabhar Ó Chósta go Chósta a scríobh sé agus chomh maith leis sin beidh sé ag taispeáint sleamhnán do na háiteanna a raibh sé ag taisteal iontu.

Scoth na cártaí agus eile i mBÁC

Bhí mé sa Siopa Leabhar ar Sr Fhearchair, BÁC le déanaí le cartaí nollag a cheannach. Tá i bhfad níos mó na cartaí sa siopa dar ndoigh.

Tá siad ag tacú le táirgí déanta in Éirinn agus le carthanais Éireannacha i mbliana, leis an réimse is mó de chártaí dátheangacha ar díol i 6 Sráid Fhearchair idir seo agus an Nollaig.

Tá tús curtha le hAonach na gCártaí Nollag dátheangacha ins An Siopa Leabhar an mhí seo - iad uile déanta in Éirinn - áit go bhfuil cártaí de chuid na Dánlainne Hugh Lane agus leis an ealaíontóra Éireannaigh Yvonne Kennedy i measc rogha na gcártaí carthanachta eile.

Tá An Siopa Leabhar ag tacú le Concern, Cumann Ailse na hÉireann agus Aware, carthanas a chabhraíonn le daoine in íslebrí, trí chártaí Nollag dá gcuid a dhíol i mbliana. Tá beirt oibrí an tSiopa Leabhar ag bailiú airgid d'Action Prostate Ireland trí chroiméal a fhás mar chuid den bhfeachtas Movember le linn na Samhna freisin.

Daragh Ó Tuama
Arsa Daragh Ó Tuama, Bainisteoir nua an tSiopa Leabhar: "Ní hamháin go bhfuil scoth na gcártaí carthanachta i nGaeilge agus i mBéarla ar díol againn, ach tá scoth na mbronntanas Éireannacha agus Gaeilge le ceannach ins An Siopa Leabhar a chuirfeadh éad ar Dhaidí na Nollag féin fiú!

"Sa bhreis ar réimse leathan leabhar, dlúthdhioscaí agus DVDnna ar nós Cré na Cille a shásódh gach aoisghrúpa, tá An Siopa Leabhar ar cheann de na beagáin asraonta miondíola in Éirinn go bhfuil cluichí Scrabble na Gaeilge do dhaoine fásta de chuid Ghlór na nGael agus béirín ildaite, idirghníomhach BábógBaby ar díol ann."

Níl ach fás agus borradh i ndán do An Siopa Leabhar sna míonna amach romhainn ach oiread - tá suíomh idirlín úr an tSiopa le seoladh go luath (seo an ceann atá acu faoi láthair!) agus déanfar oscailt oifigiúil ar An Siopa Leabhar nua de chuid Chonradh na Gaeilge in Áras Chrónáin, lárionad cultúrtha Chluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath, gan mhoill leis.

25.11.10

Suantraí an tromluí


Le Marion Gunn

An phoblacht a cailleadh sna geallchluichí
Féile Mhíchíl a n-imeartha i gcoim na hoí’:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Poblacht a shaoraigh baincéirí
as sáinn nár tháinig sí féin aisti:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Poblacht nach daonlathas a thaobhaíonn sí
ach gabhaltais bheaga mar ríocht Chiarraí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

An phoblacht a ghlac iasacht scillingí
ó rídhamhna uasal Liam óg Buí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

An phoblacht a caitheadh i dtraipisí
gan uachtarán tofa, le rialú gan bhrí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

An phoblacht a chaill a náire is a slí,
a thug cúl le Dev is le Connolly:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Tá an phoblacht shlecht ghlas níos gearmánaí
ná bratwurst lofa na neascóidí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Tá an phoblacht mar cheantar tástála buamaí
airgeadais i dtrialacha an ECB:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

An phoblacht a scaoil uaithi na hacmhainní
ó bharr go bun a farraigí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

An phoblacht a threascair Teamhair na Rí,
beag beann ar shinsir ná ar lucht sí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Tá poblacht an rachmais ag imeacht le gaoith,
agus fuílleach a maoine ag lucht na faillí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Tá an phoblacht sin coigistithe is Gaeil ag guí
go seasfaidh seantír ár n-aislingí,
gurb ionann í agus Éire mo chroí.


19.11.10

Duais mór nuachtáin idirnáisiúnta do Ghaelscéal

Tá aitheantas idirnáisiúnta tugtha don nuachtán náisiúnta Gaeilge, ‘Gaelscéal’, agus gan é ach sé mhí ar an bhfód! Tá ceann de na príomhdhuaiseanna sa Chomórtas Eorpach Nuachtáin (Gearmáinis) buaite ag an nuachtán, a bhíonn ar fáil ar fud na tíre gach Aoine agus ar líne.


Gaelscéal ist ein sympathischer Newcomer aus Irland in gälischer Sprache. Die sehr kleine Mannschaft aus 3 Redakteuren, einem Fotografen und einem Layouter zeigt, was man mit gutem Design und Konzept erreichen kann: eine sehr moderne Zeitung.

Die Typografie ist zeitgemäß und unverwechselbar, die Leserführung mit kleinen Landkarten sehr klar und übersichtlich.

Das Projekt startet vielversprechend und es bleibt zu hoffen, dass sich Gaelscéal auch in den kommenden Jahren am European Newspaper Award beteiligt.
Roghnaigh painéal de shaineolaithe agus dearthóirí idirnáisiúnta nuachtáin an foilseachán ‘Gaelscéal’ as 219 nuachtán ó 27 tír san Eoraip as ucht ‘feabhas an dearadh agus ardchaighdeán an t-ábhar, cé nach bhfuil acu ach foireann bheag’. Bhí Gaelscéal san iomaíocht le mór nuachtáin na hEorpa ar fad, leithéid an ‘Bild Zeitung’ ón Ghearmáin a dhíolann 3 mhilliún cóip sa lá.

Deir Bainisteoir Tionscadail Gaelscéal, Trevor Ó Clochartaigh, go bhfuil ríméad orthu faoin duais. ‘Is aitheantas iontach é seo ó phainéal daoine a bhfuil scil faoi leith agus taithí na mblianta acu in earnáil na nuachtáin. Tá moladh tuillte ag an fhoireann ar fad, an lucht deartha, eagarthóireachta agus díolachán, gan trácht ar na scríbhneoirí agus colúnaithe ar fad a chuireann ábhar den scoth ar fáil dúinn ó sheachtain go seachtain. Deimhníonn an duais go bhfuil muid ag comhlíonadh ár ngealltanas d’Fhoras na Gaeilge agus pobal na tíre go gcuirfeadh muid nuachtán ilghnéitheach, nua-aimseartha d’ardchaighdeán ar fáil ar fud an oileáin agus ar líne agus tá muid buíoch dóibh as ucht an mhuinín a chuireann siad ionainn agus do na léitheoirí agus fógróirí ar fad a thacaíonn linn. Tús maith leath na hoibre, deirtear agus beidh Gaelscéal ag iarraidh barrfeabhais a chuir ar an nuachtán go leanúnach as seo amach chomh maith.’

Deir Ciarán Dunbar, Eagarthóir Gaelscéal, ‘Léiríonn an deascéala seo, go bhfuil muintir na hÉireann ábalta a bheith chun tosaigh sna meáin agus deiseanna nua a chruthú a sheasfaidh an fód in aghaidh comórtas ar bith ar domhan, ach an misneach a bheith againn tabhairt faoi. Tugann seo spreagadh dúinn feabhas agus forbairt bhreise a chuir ar Gaelsceal sna míonna agus blianta atá romhainn.’

Deir Colm McSherry, dearthóir Gaelscéal, “Is onóir ollmhór é seo a bheith curtha san áireamh i measc cuid de na dearaidh is fearr san Eoraip agus a bheith aitheanta ag na dearthóirí clúiteacha seo – go hairithe tar éis ocht mí go díreach”

Bronnfar na 12ú Duaiseanna Eorpacha Nuachtáin le linn na Comhdhála Eorpaigh Nuachtáin i Vín, príomhchathair na hOstaire mí Aibreán seo chugainn. Beidh Foireann ‘Gaelsceal’ ar an ardán ansin leis na buaiteoirí móra eile ó ‘Diario de Noticias’ as Madeira na Portaingéile, ‘Bergens Tidende’ ón Iorua, ‘Politiken’ na Danmhairge, an ‘Sunday Herald’ as Alba agus ‘Frankfurter Rundschau’ na Gearmáine.

Is comhfhiontar é ‘Gaelscéal’ idir Eo Teilifís agus an ‘Connacht Tribune’. Tá oifigí acu sa Spidéal agus i nGaillimh agus buanfhoireann de chúigear acu. Tá painéal leathan de scríbhneoirí agus colúnaithe fud fad na tíre agus thar lear ag ‘Gaelsceal’ chomh maith, a chuireann ailt ar fáil go rialta. Bíonn meascán de nuacht, cúrsaí reatha, nuacht réigiúnach, gné-ailt, anailís, ábhar oideachasúla agus spórt le fáil i Gaelscéal gach seachtain.

8.11.10

Oíche Bhuitléarach i nGaillimh

Beidh Éamon de Buitléar i láthair  mar aoi speisialta ar an Máirt 16 Samhain i gClub Áras na nGael ar Sr. Doiminic in nGaillimh i gcomhair Oíche Airneán sa  Chathair .

Is scríbhneoir agus scannánóir é Éamon de Buitléar. Is stiúrthóir bainistíochta é ar an gcomhlacht Éamon de Buitléar Teo (Béarla). Is comhlacht é seo a dhéanann sainfheidhmiú ar Fiadhúlra Scannánaíochta agus clár faisnéise le haghaidh an teilfís. Is eisean agus Garrit van Gelderen a rinne na cead scannáin teilifise ar dhúlra na tíre ar teilifís - an sraith íontach cáiliúil sin "Amuigh faoin spéir!".

Bhí baint aige le ceol traidisiúnta in éineacht le Séan Ó Riada agus ina dhiaidh sin, bhí baint aige le bunú an ghrúpa ceoil traidisiúnta Ceoltóirí Chulann 1961-1969.  Nuair a fuair Seán bás (1972) bhunaigh sé Ceoltóirí Laighean. Tá roinnt de na ceirníní dá gcuid ceoil éisithe ag Gael Linn.

Beidh Éamonn ag taispeáint sleamhnáin dá chuid oibre agus ag cur síos ar a shaoil go dtí seo.

Is fiú go mór teacht go dtí an oíche airneáin seo.

5.11.10

Ciúnas!

Bhí clár ar an teilifís  - BBC The Big Silence  (Béarla) le déanaí inar bhain scata beag daoine trial as ciúnas a chleachtadh ina saol. Ní rud bunúsach spioradálta a bhí i gceist ach ciúnas daonna a chleachtadh. Ar ndóigh chuadar chuig mainistir Beinidichteach Worth i Sasana chun a fháil amach conas é a thrialadh ina a saol. Bhí manach ansin a cheap go mbfhéidir go mbeidh sé ábalata macnamh doimhin a mhúineadh do "gnáth duine."

Táid ann a deireann gur rud mínadurtha é an ciúineas. "Tá teanga againn len é a úsáid!" a deirtear. Ar bhealach ní tost nó fiú caint ós árd atá i gceist ach cúlú beagáinín ó bhruidiúleacht an tsaoil. An idirlíon, an teilifís, an raidío, fuaim an tsaoil. Dúirt duine de na mánaigh ar an gclár gurb é an focal a chuala sé níos mó ná focal ar bith eile agus iad ag caint faoi am a thabhairt le bheith ciúin ná "gnóthach" (busy). Bíonn muid ró gnóthach! Cuid acu bhí creidimh i nDia acu, cuid nach raibh.

Níl an srath cláracha thart go fóill ach bhí sé soiléar go raibh sé an deachair a bheit ciúin sa tsaoil atá inniú ann. Chinneadar ar seachtain iomlán ciúin a caitheamh le chéile in ndíseart de chuid na nÍosanaigh i dtuaisceart na Breatine Bige. Ní raibh ceangail ar bith le bheith acu leis an saol lasmuigh agus ar ndóigh ní raibh cead acu labhairt le chéile. Bhí cead acu caint a dhéanamh le comhairleoir profisiúnta ar feadh píosa gach lá.

Tá sé spéisiúil an éifeacht atá ag an ciúineas seo ortha. Cuid acu is cineál eachtra atá ann, eachtra ina aimsítear doimhneacht ionta nach raibh fhios acu a bheith ann. Cuid acu ba rud uafásach é gan rud ar bith ar siúil acu ach bheith leo féin. Rud síochánach a bhí an do dhaoine eile agus cuid acu chuir sé ag caoineadh iad. Bhíodar uaigneach, feargach, brónach, scanartha, neirbhíseach ach is dócha gur an rud is mó a bhí á tharliúint ná go raibh cuid acu ag buaileadh leo féin don chead uair riamh.

Tá mé ag súil leis an cead mír eile den clár.