9.7.10

Cad é an difríocht?

Is mallacht mór í an galar ailse.

Deirtear linn go bhfuil mór bhaint ag caitheamh tabac leis an galar ailse. Tá feachtaisí móra ag iarraidh ar dhaoine deireadh a chuir leis an nós sin chun stop a chur le leathnú an ghalair seo. Tá dlithe in an-chuid tíortha le cosc ar an méad áiteanna in ar féidir tobac a caitheamh. Is féidir cúrsaí traenála fháil chun cabhrú leat éirí as an nós. Tá na feachtaisí seo go léir béimithe ar athrú stíl maireachtála, an stíl marachtála a deireann go bhfuil sé faiseanta tobac a caitheamh. Féach mar shampla ar an feachtas sa bhFrainc a lúann Áine ina blag faoin dtideal “Sclábhaí nó Saorthoil?” le déanaí.

Is mallacht mór í an galar SEIF (siondróm easpa imdhíonachta faighte).

Níl amhras ar chonas a faightear an galar seo. Agus cad é an lagheas a moltar? An bhfuil feachtas ar bith ann a mholann athrú ar ár stíl maireachtála? Bhfuil éinne ag moladh gan gnéas a bheith agat le héinne seachas do phairtnéir fhéin? Bhfuil cúrsaí ann? Cad é an t-aon moladh atá go foirleathain ann?

Coiscíní!

Nach ionann san agus “tips” a chuir ar toitíní. Ní stopann sé an plá. Ní laghdaíonn sé an plá fiú. An féidir le héinne a cruthú le figiúirí go laghdíonn úsáid coiscíní tarliúint an galar úafásach seo. Tá said comh héifeachtach agus atá na tips ar toitíní.

Tá fianaise áfach go bhfuil toradh ar fheachtais a mholann athrú stíl maireachtála daoine tré stopadh a chuir le caitheamh tobac agus tarlú ailse. Creidtear é seo go foirleathan.

Tá fianaise ann go bhfuil toradh ar fheachtais a mholan athrú stíl maireachtála daoine tré stopadh gnéas le iolrach paitnéirí ar tharlú SEIF. Ní creidítear é seo go foirleathan.

Tuige an difríocht? Tá sé soiléar nach féidir le duine SEIF a fháil gan gníomhaíocht ghnéasach. Níl mé ag rá nach bhfuil éifeacht ar bith leis na coiscíní céanna sa troid i gcoinne SEIF ach tá mé ag rá go bhfuil sé mícheart an béim iomlán a chuir ortha. Agus cinnte tá galar gnéas-tarchurtha eile nach bhfuil éifeacht ar bith ag coiscíní ina gcoinne!

Ag deireadh a phíosa déanann Áine athfhriotal ar bhlag Phatrick Hayes. (Béarla) : “To buy into the claim that we cannot control ourselves is to shun responsibility for our own personal choices.’?

Sea go deimhin!

Ar eagla go ndéarfadh duine gur féidir le mí-úsáideoir drugaí go hinfhéitheach an SEIF a fháil tuigim san agus tuigim go bhfuil feachtaisí ann chun daoine a scoitheadh ó na drugaí níl na feachtaisí béimithe ar SEIF leis féin. I dtaobh na feachtaisí SEIF deirtear gan snaithid salach a úsáid. Díreach an pointe atá á dhéanamh agam.

1 comment:

  1. In Uganda feictear fógraí mórthimpeall ABC - Abstinence, be faithful,condomise an fhadhb atá ann tá eagraíochtaí ann nach dtabharfaí deontais dóibh mar go bhfuil uimhir a 3 ach tá uimhir a 3 díreach chomh tábhachtach!
    Ceapaim go bhfuil na 3 le feiceáil san fhógra thuas freisin - croí, beirt is coiscín!

    ReplyDelete