29.6.10

An fheirdris

Agus mé ar siúlóid inné thugas faoi deara go raibh blath ná bhfacha mé cheanna ar thaobh an bhealaigh. Róisín deas corcora agus cuid eile bán dearg.

Feirdris, (roas canina) a bhí ann. agus thógas pictiúirí den planda. Sí rós dúchasach na hÉireann an rós áirithe seo agus mar sin is beag éifeacht atá ag an gálar is uafásai, an spota dubh, uirthí mar tá "taithí" ar an aimsear tais atá in Éirinn againn.

28.6.10

Gummí fásta!


Más maith leat pacáiste Béiríní Gummi tá an forbairt nua seo ar an gcoincheap chun tú a shasamh gan aon amhras. Tabhair faoi deara an bíoma iniomparthacht dochreidtha lena n-iompraítear an fáthach mór seo.

Go mbainfidh ár léitheoirí uiligh taitneamh as an líreacán íontach seo. Ní Gummí go Gummí fásta - an Béir Mór ar maide!

24.6.10

Oíche tSin Seáin!


Aréir lasadh na tinte ar fud Chonamara in onóir don naomh a mhol Íosa féin, Naomh Eoin Baiste.

Tá sé de nós ag muintir na háite bruscar so-dóite de gach aon tsaghas a bhailiú agus a thabhairt chuig an aon áit amháin sa cheantair le dó ar an oíche seo.

Lastar an tine ag am dul faoi na gréine agus bíonn slua ón gceantair ann le haire a thabhairt dó.

Seo pictiúir den tine mór a bhí i bpost cheantair Baile na hAbhann.

Bhíodh an nós seo á gcleachtadh go forleathain in Éirinn fadó mar a léiríonn an píosa seo (Béarla) ó leabhair "The Year in Ireland" le Kevin Danaher.

21.6.10

Damhsa ag Lúnasa (agus Iúl!)

Campa Samhraidh Damhsa ar an sean nós le Emma O Sullivan.

Beidh Emma O Sullivan ag reáchtáil dhá Campa Damhsa ar an Sean Nós do pháistí an Samhraidh seo i Áras na nGael, Gaillimh.

Tá clú agus cáil ar Emma Ó Sullivan tar éis an taispeántas iontach a thug agus sí ag tógáil páirt san gclár All Ireland Talent Show (Bearla) i rith 2010. Bhí an pobal mar aon leis na moltóirí an tógtha le Emma agus an stíl álainn damhsa a bhí aice. Bíonn Emma ag múineadh Damhsa ar an Sean Nós do phaistí go lánaimseartha agus tá sí ríméadach go mbeidh sí in ann Campa Damhsa ar an Sean Nós a dhéanamh sa Chathair.

Beidh an Campa Samhraidh ar siúl i lár chathair na Gaillimhe in Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, ar feadh uair an chloig, dhá thráthnóna in aghaidh na seachtaine ar feadh trí seachtaine. Tosaíonn an chéadcampa ar an 6ú lá Iúil agus an dara cheann ar an 3ú lá Lunasa.

Tá costas do €60.00 ar an gCampa don phaiste.

13.6.10

Sa bhus!


Tá seirbhís bus idir cathair an Gaillimhe agus Aerphort Bhaile Átha Cliath. Gobus (Béarla) an tainm atá ar an chomhlucht agus is comhlacht Gaillimheach í. Bhain mé triall as don gcéad uair ar an nDéardaoin se caite agus chuir sé íontas orm cé chomh chompórdach agus cé chomh sciopadh is a bhí sé. Leis an mótarbhealach nua anois ann níor thóg sé ach dhá uair agus trí ceathrú ó stop go stop. Stop sé le daoine a lingint amach i gcroí lár na cathrach agus ansin ar aghaidh chuig an gcathair trén tollán nua ón gcalaphort go dtí an M1 agus ansin chuig an aerfort.

D'fhéadfainn dul san eitileán ach chosnódh sé timpeall €120 agus tógadh sé bfhéidir an méid ceanna ama nuair a thógtar an dianchuardú, seiceáil isteach agus bheithe ag feithimh ar bhagáiste ar an taobh eile.

D'fhéadfainn dul ar an traen (€48.00+), atá beagáinín níos chompórdaí ach tógadh sé sin i bhfad níos mó ama agus bheadh orm bus, nó taicsí a fháil chuig an aerphort.

Ar an bus seo bhí nasc idirlíon WiFi (dílseacht gan sreang) le fáil saor in aisce.

Tríd is tríd bhí mé thar a bheith sásta leis. Chosnigh an ticéad fillte €25.00 orm.

7.6.10

Thuas seal thíos seal!


Bhí mé is Sasana ag bainis i rith na deireadh seachtaine agus thaistigh ó na mná dul ag siopadóireacht i Chester, cathair ársa atá ar abha Dee agus gearr do theorainn na Breataine Bige. Is sean cathair Rómánach é Chester - is dócha go dtagann an ainm ón bhfocal Laidineach "castra" - ach tá an ailteareacht ó aimsir Tudor ann agus tá na sean sráideanna le siopaí ar dhá stóir - tugtar "rows" ortha. Tá tuilleadh faoi i Wikipedia (Béarla).

Nuair a bhíomar ann bhí paráid de chuid airm na Breataine, le cheol agus saighdiúirí a bhí gléast don cogadh sa bhfásach san Iaráic is dócha. Bhí na daoine ar thaobh an mbóthar ag bualadh bos dóibh - "our boys" - ach cheap mé nach ag tabhairt tacaíocht don cogadh a bhíodar ach do na buachailí óga a chuireann na poiliteoirí amach chun troda sna áiteacha seo. Tá mé ag ceapadh go rabhadar ag dul nó ag teacht abhaile ó thréimse soir ann.

Nil an cathair chom mór sin agus rinneadar máirséail thuas an mbaile agus ansin casadar timpeall agus thanadar anuas. Smaoinigh mé ar an Grand old Duke of York a rinne a chuid saighdiúirí a máirseáil thuas agus thíos cnoc agus nuair nach rabhadar ach leath bhealaigh thuas ní rabhadar thuas nó thíos...

Nach ait na smaointe a buaileann le duine?

1.6.10

Athraithe agus nuacht eaglasta eile

Fógraíodh an-chuid athraithe agus nuacht in Árd Deoise Thuama (Béarla) le déanaí.

Tá beirt shagart An Chnoic/An Tulach, an tAth Micheál Ó Flannara agus an Ath Colm Ó Ceanabháin le h-éirí as, mar atá an tAth Pádraigh Audley ar an gCeathrú Rua. Tá an tAth Liam Ó Raghalaigh ón Fhairche le bheith mar Sagart Paróiste An Chnoic/An Tulach. Ní bheidh sagart lonnaithe ar an dTulach. Tá an tAth Ciarán de Blaca le haistriú ó Árainn go dtí an Ceathrú Rua mar Sagart Paróiste agus tá an tAth Micheál Ó Mainín ag dul go hÁrainn ó Chathair na Mairt. Tá an tAth Pádraig Standún ag dul go Charna ó Thuar Mhic Éadaigh agus an Sagart in gCarna, An tAth Pádraigh Ó Conaola ag dul go dtí an Fhairche/Cor na Móna.


Fógraíodh leis ón Vatacáin, go bhfuil Árdeaspaigh Otawa (Canada)
Terrence Thomas Prendergast, (Fraincís) ceapaithe ag an bPápa Benedict mar Cuairteoir Aspalda ar Árd Deoise Thuama le scrudú níos doimhne a dhéanamh ar na socraithe atá déanta ag an Eaglais anseo le sabhaltacht leanaí a threisiú. Tá cuairteoirí eile ainmnithe aige do na trí árddeoisí eiule sa tír agus duine eile le scrúdú ar an institiúidí rialta sa tír.
Nach ait an rud é go bhfuil leathanaigh Árdeoise Ottawa in bhFraincís agus Béarla agus nach bhfuil ach Bearla ag Árd Deoise Thuama?