7.1.10

Fuacht fuair!

Loch an tSean Bhaile, Caorán na gCearc, Chonamara

Nuair a bhíos i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine bailíodh ag an stáisiúin mé agus fuair mé iasacht charr an fhaid is a bhí mé ann.

Bhí mé ag tabhair aire do mo mháthair, atá beaghnach nocha haon bliain d'aois, agus chuamar amach ag tiomáint chuig dearthair liom i nDeilginis. Turas timpeall 10 míle nó mar sin ó Rath Fearnáin. Bhí na boithre go fíochmhar agus bhí baol ann nachj mbeidh muid i ndán teacht abhaile. Ach bhí Dia linn agus d;'éirigh linn.

Anois agus mé thar n-ais i gConamara tá tuairiscí ar na meáin faoi cé chomh dona is atá cúrsaí in oirthear na tíre. Anseo cé go bhfuil sé an-fhuair níl aon sneachta ann. Bíonn sioc chrua gach oíche agus rud nach bhfacha mé ríomh, locha reoite ina niomláine.

Bhí pictiúir duganna na Gaillimhe sa Galway Advertiser (Béarla) agus iad reoite. Agus tá loch an tSeanbhaile anseo ar an gCaorán reoite chomh maith.

1 comment:

  1. Chonaic mé na radhairc chéanna agus mé thiar, a Chodú - álainn!

    Caithfidh mé a rá, rinne na comhairlí jab maith de na bóithre i rith na drochaimsire, mar d'éirigh liom mo bhealach a dhéanamh timpeall na háite sa charr gan stró, in ainneoin an tseaca...

    ReplyDelete