21.10.09

Seanbhróg

Dráma Nua le Darach Ó Scolaí

Léireofar dráma nua géarchúiseach grinn leis an scríbhneoir iomráiteach Darach Ó Scolaí sa Project Arts Centre i mBÁC i mí Deireadh Fomhair 2009. Is iad an compántas gairmiúil amharclannaíochta Salamandar atá i mbun léirithe

Suite sa bhliain 1171, caitheann An tSeanbhróg súil úr ghreannmhar ar an stair agus ar an Éireannachas. Agus é faoi thionchur a chomrádaí glic Muiris, tá an ridire buacach Normannach Gearóid idir dhá chomhairle: a bheith dílis dá Rí thall i Londain nó ríocht nua a chruthú dó féin san oileán iathghlas seo atá curtha faoi chois acu. Deirtear gurb iad na buaiteoirí a scríobhann an stair ach céard a thárlaíonn nuair a deir na buaiteoirí gurb iad féin a chaill?!

Léiriú eile é An tSeanbhróg ar bhua Uí Scolaí mar cheardaí pinn a bhfuil faobhar ar a chuid focal agus é ag fí greann nádúrtha dúchasach Chonamara as fáithim thragóideach na daonnachta. Drámaíocht nua, dhána, fhisiciúil í seo a thagann sna sála ar shár-léirithe rathúla eileSalamandar a léiríodh le deireanas 'Craos' & 'An Braon Aníos'.


Le Darach Mac Con Iomaire (Cré na Cille) ag stiúradh agus Seán Ó Flaithearta i mbun dearadh stáitse, tugann An tSeanbhróg roinnt de na pearsana is aitheanta i ndomhan na drámaíochta Gaeilge i gcomhpháirtíocht le chéile arís. Orthu siúd tá na haisteoirí Seán Ó Meallaigh, Marcus Lamb & Eoin Geoghegan, agus an cumadóir clúiteach ceoil Rachel Holstead.

Osclóidh An tSeanbhróg sa Project Arts Centre, Baile Átha Cliath ón Mháirt 20 - go Satharn 24 Deireadh Fómhair sula dtabharfar aghaidh ar an Regional Cultural Centre i Leitir Ceanainn ón gCéadaoin 28 - go Satharn 31 Deireadh Fómhair, mar chuid d'Oireachtas na Gaeilge.

No comments:

Post a Comment