15.10.09

Raidío ar líne

Se ráiteas a fuaireamr ar maidin!
Bheadh sé go deas an cruinniú se a bheith craolta ar an líon ionas go mbeadh seans ag daoine nach as Baile Átha Cliath dóibh, páirt a ghlacadh, nó ar a laghad bheith i ndán na himeachtaí a fheiscint agus a cloisint ar líne beo agus iad ag tárliúint.

Bheadh sé saor in aisce le ríomhaire glúine, ceamra agus líne leathn bhanda ag úsáid clár idirlíne mar Dim-Dim. Bhaineas féin úsáid as le déanaí chun bheith páirteach ag cruinniú i mBoston agus mé i mo shuí anseo i gConamara.

B'fhéidir an chéad uair eile!

iPhone agus idirlíon idir lámha ag ollchruinniú oscailte Raidíon Rí-Rá

Tá an cairtstáisiún Gaeilge is mó in Éirinn ag lorg tuairimí a lucht éisteachta ar conas Raidió Rí-Rá a fhorbairt ag ollchruinniú oscailte in Óstán Blooms, Barra Temple, Baile Átha Cliath 2, óna 8 – 9.30in Dé hAoine, 16 Deireadh Fómhair 2009.

Arsa Traic Ó Braonáin, Cathaoirleach Raidió Rí-Rá: “Bhí teacht ar níos mó na milliúin go leith duine ar Raidió Rí-Rá agus é ar FM i gcathracha ar fud na hÉireann le linn mhí an Mhárta 2009, agus cuireann na mílte daoine cluas rialta linn ar-líne.


Danny O'Reilly (The Coronas) agus Aodhán Ó Deá (Grúpa oibre Raidío Rí Rá)

“Tá Raidió Rí-Rá cheana féin ag dul i dtreo na teilifíse digití agus tá clár feidhmiúcháin do ghutháin Nokia agus an iPhone idir lámha ionas gur féidir le daoine éisteacht leis an gcairtstáisiún Gaeilge aon uair gur mian leo, ach teastaíonn uainn smaointe ár lucht éisteachta a fháil i dtaca le tuilleadh forbartha agus pleanála fadtéarmaí do Rí-Rá freisin.”

Is é Raidió Rí-Rá an chéad chairt-stáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn agus ba í an craoladh sealadach i mbliana an chéad chéim i dtreo stáisiún raidió Gaeilge lánaimseartha a chur ar fáil do dhaoine óga ar an gcóras náisiúnta FM, dar le Ó Braonáin.

Is mór an dul chun cinn atá déanta ag Raidió Rí-Rá ó thosaigh sé ag craoladh ar-líne faoin ainm oibre Raidió X i mí Mhárta 2008 buíochas le ham agus le hobair dheonach go leor daoine, mar aon le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge, urraíocht ó Samsung (Suíomh i mBéarla!) agus deontas ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta(Beagáinín Gaeilge!).

Deir Julian de Spáinn, Comhrúnaí Raidió Rí-Rá: “Tá go leor bainte amach ag Raidió Rí-Rá go dtí seo, ach tá ionchur níos mó agus struchtúr níos éifeachtaí de dhíth le níos mó daoine le Gaeilge a chur ag obair ar an aer agus ag tiomsú airgid don stáisiún. Beidh deis ag daoine a gcuid moltaí a thabhairt dúinn chuige sin ag cruinniú cinn bliana Rí-Rá in Óstán Blooms an Aoine bheag seo.”

Tá an ollchruinniú oscailte d’éinne gur spéis leo Raidió Rí-Rá agus tá sé á reáchtáil mar chuid de dheireadh seachtaine traenála na mac léinn tríú leibhéil arna eagrú ag Conradh na Gaeilge i gcomhpháirt le Glór na nGael agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ)(Béarla amháin!) ó tá an oiread sin spéise léirithe ag scoláirí óga ollscoile sa togra ón tús. Cuirfear sólaistí agus bia ar fáil do theachtaí.

Is féidir moltaí d’fhorbairt an chairtstáisiúin a chur go Julian de Spáinn roimh Aoine an 16 Deireadh Fómhair 2009 más spéis leat dul chun cinn Raidió Rí-Rá ach nach féidir leat a bheith i láthair don chruinniú cinn bliana ar an oíche.

No comments:

Post a Comment