16.9.09

Ciníochas

An féidir leis?
Sean cheist mar bhagairt don bhrionglóid!

Bhí mé i Meiriceá níos túisce sa bhliain agus chuir sé iontas orm an méid naimhdeas a bhí ann i gcoinne an Uactharán nua Obama.

Ar ndóigh níl an polataíocht i Meiriceá cosúil leis an bpolataíocht anseo in Éireann. Is cineál cluiche atá againn anseo. Ná tá páirtí sa freasúra bíonn tú i gcoinne aon rud a deineann an Rialtas. Agus má tá tú "i bpower" tá fhios agat nach bhfuil ciall ar bit ag an dream eile. Ach ar bhealach tá meas de shaghas acu ar a chéile. Téann siad thíos ag bearr na Dála tar éis na catha!

Ach i Meiriceá tá a mhalairt de scéal ann! Is cosúil nach bhfuil meas madra ag chuid den fhreasúra ar Obama bocht. Cén fáth? Tá roinnt daoine a rá gur ciníochas atá i gceist. "Níl ceart ar bith ag duine gorm a bheith mar Uachtarán ar na Státaí!" dár leo. Deintear comparáid le Stalin, Mao agus Hitler, fiú nuair atá cuid acu mar Naitsíagh Nua.

Nuair a labhair sé le Comdháil Státaí Aontaithe Mheiriceá i rith na seachtaine seo chugainn d'úsáid duine de na teachtaí, as Carolina Theas, Joe Wilson an focal bréag ar úrlár an tí nuair a bhí an Uchtarán ag tabhairt oráid ar a phlean don chóras sláinte.
"South Carolina Republican Rep. Joe Wilson shouted "You lie!" after Obama had talked about illegal immigrants." (AP).

Tá daoine ann a deireann go ndúirt sé "You lie, boy!" Másla mór ar dhuine den cine ghorm i Meiriceá. Mar a dúirt colúnaí i gceann de na nuachtáin mór le rá an Washington Post: "Some people don't believe Wilson's outburst had anything to do with race. They'll tell you it's democracy in action. But tell that to the many African Americans who know first-hand the subtlety of post-racial slights. What had been our excitement over Obama's election is rapidly becoming consternation at a marked increase in racism and attendant racial disparities -- in health, income, jobs and housing - "

Agus deireann iar úachtarán S.A.M. Jimmy Carter go gceapann sé féin gur ciníochas atá i mbun an-chuid den chor i gcoinne seo.

'"I think it's based on racism," Carter said at a town hall meeting held at his presidential center in Atlanta. "There is an inherent feeling among many in this country that an African-American should not be president."'

Ach i ndairíre is ceart go n–eiródh le uchtrántacht Bharack Obama ar a chuid polasaithe ar an chinnithe thar a chine! Mar a deireann an Frankfurter Allgemeine: Bheadh léamh ar rath Uachtaránacht Obama sna uimhreacha; céatadán fás ar eacnamaíocht SAM; easnamh, fiaca, ráta difhostaíochta agus cúrsaí sláinte faoi árachas nó faoi chóras stáit; an méid daoine atá san Iarác agus an méid saigdiúirí a thagann abhaile i gcónra!

Is cosúil go bhfuil dainséar ann gur nimhneacht naimhdeas a chuid shaoránaigh féin a cuirfidh deire leis an brionglóid.

2 comments:

  1. Cibé faoin dream thall, is cosúil gur chaith an dream s'againne barraíocht ama i mbeár na Dála seachas súil a choinneáil ar gheilleagar na tíre...

    ReplyDelete
  2. Is dóigh liomsa gur leithscéal atá sna scéalta seo faoi ciníochas. Is cinnte go bhfuil, le fada, ding i lár croí Mheiriceá idir Poblachtaigh agus Daonlathaigh.

    Ach is dóigh liom freisin nach bhfuil Obama ag cruthú ró mhaith aon chor. Tá ag teip air daoine a thabhairt leis. Bhí Easpaig Mheiriceá go láidir ar son leasú ar cúram sláinte - ach tá siad curtha ó dhoras aige tríd ginmhilleadh agus eotanáis a mheascadh isteach sa scéal ar bhealach ciotach.

    Maidir le ciníochas, chonac pictiúr a bhréagnaíonn go maith é sin. Agoidí agus fógra aici - Níl mé ciníoch. Ní maith liom Biden, Clinton ná Pelosi ach oiread!

    ReplyDelete