27.9.09

Dhá h-imeacht

Sop nó Solamar

Bhí mé i mBaile Átha Cliath i rith na seachtaine agus d'éirigh liom dul chuig dhá himeacthtaí nuair a bhí mé ann.

Léacht Nollaig Uí Ghadhra a bhí ar siúl in Seomra na Cruinnithe (ar dheis)Acadamh Ríoga na hÉireann ar an Máirt agus bé Saothrú na Gaeilge ar Nuachtáin Náisiúnta Bhéarla na hAoise Seo Caite: Sop nó Solamar? an téama a bhí mar ábhar ag an Ollamh Nollaig Mac Congáil (ar dheis) ó Olscoil na hÉireann Gaillimh ar an oíche.

Mar a dúirt Pádraigh Mac Fheargusa Uachtarán Chonradh na Gaeilge, a d'eagraigh an oíche: “Is tráthúil an téama a roghnaíodh don léacht chuimhneacháin seo ar iriseoir mór Gaeilge, Nollaig Ó Gadhra, fear a chaith saothar saoil ag soláthar do na meáin, na meáin chlóite ach go háirithe, agus ag tráchtaireacht orthu. Is íoróineach an scéal é, ámh, gurb é an Irish Times amháin, de na nuachtáin náisiúnta laethúla, a chuireann altanna rialta i nGaeilge ar fáil dá léitheoirí inniu agus tá moladh ag dul dóibh as sin.

Bhí an léacht an-suimiúil mar thug an léachtaí léargas ar ghluaiseacht na Gaeilge agus saol na Gaeltachta mar a tuarascíodh agus a léiríodh iad sna meán-chló san am atá thart. In an-chuid den taighde atá deanta ar chursaí Ghaeilge agsu na Gaeltachta deintear dearmad ar an bhfoinse luachmara seo mar léiriú ar meoin agus tuairimí an pobal i gcoitinne seachas meoin agus tuairimí "luch na gluaiseachta" Thug sé an chuid samplaí de phíosaí ó na nuachtáin i rith an chéid seo caite.

Más sop atá anois le fáil ó nuachtáin Béarla an lae inniú ba solamar a fuair mé ag a ocáid eile ar a fhreastail mé ar an Aoine.

Bhí Oíche Chultúir eagraithe ag Comhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath agus mat chuid de sin bhí léitheoireacht poiblí filíochta ar seo i Labharlann agus Cartlann na Cathrach ar Sráid na bPiarsach. Páirteach ann bhí scríobhneorí ón Oscar Wilde Creative Writing Centre (Coláiste na Trionóide), agus Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge (Olscoil na hÉireann Baile Áthat Cliath)mar aon le ceolteoirí, mic léinn ó Cheol-Acadamh Ríoga na hÉireann a cur go mór leis an oíche.

Cé nach raibh mé ann ach ar feadh uair go leith ba leor san chun blaiseadh fháil ar an oíche. Nuair a tháinig mé ar dtús bhí beirt ceoltoirí ar an stáitse ag seinnt ceol, duine ar na píob agus duine eile ar an bhfidil. Ba deas mar tús leis an oíche é.

Ansin bhí beirt léitheoirí ón Oscar Wilde, duine amháin a léigh caibidil as leabhar atá á scríobh aige agus ansin cailín a léigh píosaí óna a cuid filíochta féin. Cheap mé go raibh an caighdeán maith go leor ach nach raibh mórán beocht ionta. B'fhéidir go bhfuil sé deachair ar údar a chuid oibre féin a léamh go heasca ceolmhar.

Ansin bhí beirt ón na scríbhneoirí úra (ar dheis). Ba spéisiúl an dá dream a chuir i gcodarsnacht lena chéile. Bhí beirt údair óg tarraingteach ag léamh, lán de bheocht agus fuinnimh. Bhí fadhb acu mar bhí an-seans nach dtuigfidh gach éinne céard a bhí á rá acu ach rinneadar iarracht miniú a thabhairt ar a chuid saothair. Ar dtús léigh Caitríona Ní Chléirchín, Léachtaí i UCD, dánta dá cuid, dánta gearr agus haikuanna, a bhí lán de bheocht mar bhí fhios aici conas í fhéin a chuir i láthair agus miniú na focail agus na dánta a thabhairt, fiú dóibh siúd a bhí ar bheagán Gaeilge. File eile, Scott de Buitléar, craoltóir atá ag déanamh máistreacht i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge i UCD a léigh ansin. Bhí bealach eile aige a chuid filíochta a mhiniú. Thug sé cuid de chúlra na dánta dúinn sular athraigh sé iad. Agus d'athraigh sé iad le mothú agus le paisean fiú.

Mar a dúirt mé bhí orm imeacht lua go leor ach is cosúil go raibh an-oíche roimh na daoine a d'fhán.

Agus na píosaí filíochta a thaitn liom is fearr? Bhí dhá ceann ó pheann Scott a thaitn liom, go mór mór ceann leis an ainm "Dall" a bhí an mhothú i ngach focal den dán seo dár liom. An tárna ceann ba dhán álainn grá é, "Is leatsa mo chroí." (Tá an-chuid dá chuid dánta ag Scott ar a bhlag aige. Ní raibh mé i ndán cinn ag Caitríona a aimsú.

17.9.09

Teach bán

Bóthar go dtí an White House

Sraith thábhachtach nua ó fhoireann léirithe Mhobs Mheiriceá, ina rianaítear stair eachtrúil agus ról lárnach na nÉireannach i bpolaitíocht na Stát Aontaithe le céad go leith bliain anuas.

Bóthar go dtí an White House seolta ag Ambasadóir SAM
Stair eachtrúil na nGael i bpolaitíocht Mheiriceá

B’é a Oirearcas, Dónal Ó Ruanaidh, (Daniel M Rooney) Ambasadóir nua na Stát Aontaithe in Éirinn a sheol an tsraith teilifíse seo le TG4 ag ócáid ina Áras cónaithe i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath inné.

Sraith thábhachtach í seo ina rianaítear ról lárnach na nÉireannach i bpolaitíocht na Stát Aontaithe le céad go leith bliain anuas. Le cabhair anailíse ó shaineolaithe staire agus ó thráchtairí polaitiúla agus ábhar go leor ón gcartlann físe, cuireann an tsraith seo, 6 chlár ar fad, síos ar chuid de na carachtair ba cháiliúla agus ba chonspóidí sa bpolaitíocht Ghael-Mheiriceánach.

Agus é ag seoladh na sraithe, dúirt an tAmbasadóir Ó Ruanaidh: “Mar ionadaí an Uachtaráin Obama agus phobal na Stát Aontaithe – agus mar dhuine de shliocht Éireannach mé féin - is ábhar bróid dúinn ar fad a bhfuil déanta ag Éireannaigh sa saol poiblí sa tír s’againn.”

Thug Bríd Seoighe, an léiritheoir sraithe le Abú Media, an comhlacht neamhspleách as Gaeltacht na Gaillimhe a sholáthar an clár do TG4: “Léirigh an taighde a rinne muid go bhfuil scéal mór iontach againn anseo, ina bhfuil na mílte scéal eile fite, a thugann léargas dúinn ar an mianach a bhí sna Gaeil agus an tuiscint a bhí acu ar thábhacht na polaitíochta chun cás an Éireannaigh agus a stádas a chur chun cinn sa Domhan Nua.”

Ghabh Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4, buíochas leis an Ambasadóir as a thacaíocht don tsraith seo agus dúirt: “Tá léargas tráthúil ar fáil sa tsraith seo ar chumas an Éireannaigh é féin a chur chun cinn, ainneoin constaicí agus bacainní uaireanta ceacht ón stair nach miste a mheabhrú sa la atá inniu ann freisin.”
JFK i gCorcaigh Meith 1963

Le cabhair anailíse ó shaineolaithe staire agus ó thráchtairí polaitiúla agus ábhar go leor ón gcartlann físe, cuirfidh an tsraith seo, 6 chlár ar fad, síos ar chuid de na carachtair ba cháiliúla agus ba chonspóidí sa bpolaitíocht Ghael-Mheiriceánach.

Díreoidh gach clár ar dhuine amháin agus ar a thionchar ina cheantar féin lena linn agus ar a oidhreacht, idir phearsanta agus pholaitiúil. Cuirfidh an tsraith lenár dtuiscint ar an dul chun cinn a rinne na hÉireannaigh ina n-iarracht seilbh agus ceannas a fháil ar an struchtúir polaitiúil ag an leibhéal áitiúil, cathrach, Stáit agus náisiúnta.

Is é Richard 'Boss' Croker is ábhar do Chlár 1 (24/09/2009), fear a d’imir tionchar mór ar an saol i Nua Eabhrac tar éis an Ghorta Mhóir. B’as an gCarraig Dhubh i gCorcaigh ó dhúchas dó ach is ar chathair Nua Eabhrac a d’fhág sé a mharc mar gurbh é a fuair ceannas ar Tamanny Hall, eagras cumhachtach polaitiúil na cathrach.

Is iomaí sin cleas a rinne sé agus is iomaí gníomh cam salach freisin nó gur fhill an feall ar an bhfeallaire roimh dheireadh a shaoil. Dá ainneoin sin, léirigh sé go raibh na Gaeil in ann an córas a láimhsiú agus a neart mar chine a eagrú go háitiúil.

Alfred E Smith is ábhar don dara clár (1/10/2009), an chéad Chaitliceach agus an chéad duine de shliocht Éireannach a sheas d’Uachtaránacht na Stát Aontaithe (i 1928). Toghadh ina Ghobharnóir ar Nua Eabhrac é cheithre huaire ar fad agus chuir sé go leor tograí i gcrích chun leas na cathrach sin a d’fhág a rian go láidir uirthi. Dá ainneoin sin, spreag a iarracht ar an Uachtaránacht go leor ionsaithe ciníocha agus maslaí gránna agus léirigh go raibh go leor deacrachtaí le sárú ag na hÉireannaigh sula rachaidís chun cinn ag an leibhéal náisiúnta de pholaitíocht na Stát Aontaithe.

Cuirfear aithne ar Boss Tom Prendergast i gclár 3, (8/10/2009) duine de charachtair iontacha Kansas City sna 1920í agus fear a bhí lárnach i saol polaitiúil na nUachtarán Roosevelt agus Truman. Cé gur éirigh leis go leor infheistíochta a mhealladh chun na cathrach, thuill Kansas go leor míchlú freisin de thoradh na coiriúlachta agus an fhoréigin a bhí fairsing inti lena linn. Thug seo ar na húdaráis dul i mbun fiosrúcháin ar Phrendergast féin faoi dheireadh, ciontaíodh é ar chúis a bhain le seachaint cánach agus cuireadh i ngéibheann é. Cáineadh an tUachtarán Truman as dul chuig a shochraide i 1945.

Is í cathair Bhoston ceann de mhórionaid na nGael i Meiriceá le breis is céad bliain agus bhí James Michael Curley ar dhuine de na pearsain ba cháiliúla riamh de shliocht Gael sa gcathair sin. I gclár 4 (15/10/2009), tráchtfar ar chuid den iliomad eachtra a bhain lena shaol. Ní raibh saibhreas ná maoin ag a mhuintir ach d’éirigh leis dul go croílár na cumhachta sa gcathair sin agus greim a choinneáil ar an gcumhacht sin ar feadh i bhfad, cé go raibh fórsaí suntasacha ina choinne agus biogóideacht mar chúlra le cuid de.


Bhíodh triall na nGael ar Chathair na Gaoithe ón tús agus is é Richard J. Daley an polaiteoir is mó atá luaite le Chicago agus is é is ábhar do chlár 5 (22/10/2009). Polaiteoir conspóideach ab ea riamh é, ina laoch ag dream amháin agus ina namhad fíochmhar ag dreamanna eile. Bhí greim aige ar scair shuntasach den Pháirtí Daonlathach i lár an chéid seo caite. Dá réir sin ba mhór a thábhacht in ainmniúchán John F Kennedy mar iarrthóir an pháirtí sin i dtoghchán na hUachtaránachta i 1960. Is é a mhac, Richard M Daley, Méara Chicago faoi láthair.

Díríonn clár 6 (29/10/2009) ar an teaghlach Gael-Mheiriceánach is cáiliúla agus is cumhachtaí ar fad, clann Uí Chinnéide. Is scáthán as scéal iomlán na deoraíochta é a scéal siúd. Tháinig a sinsir go Meiriceá in aimsir an Ghorta agus de réir a chéile rinne siad dul chun cinn, glúin ar ghlúin, sa saol gnó agus ansin sa saol polaitiúil. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda (inar maraíodh an mac ba shine, an té a bhí roghnaithe ag a athair le dul le polaitíocht) b’é John F. Kennedy dóchas an teaghlaigh agus d’éirigh leis i 1960 éacht pholaitiúil a dhéanamh nach ndearna éinne de shliocht Gael roimhe sin – bua a fháil agus é tofa mar Uachtarán ar na Stáit Aontaithe. Teaghlach ildánach casta ab ea na Cinnéidigh agus tá a rian go láidir fós ar pholaitíocht Mheiriceá, fiú le bás be, Eunice Shriver agus an Seanadóir Edward Kennedy i mí Lúnasa na bliana seo.

16.9.09

Ciníochas

An féidir leis?
Sean cheist mar bhagairt don bhrionglóid!

Bhí mé i Meiriceá níos túisce sa bhliain agus chuir sé iontas orm an méid naimhdeas a bhí ann i gcoinne an Uactharán nua Obama.

Ar ndóigh níl an polataíocht i Meiriceá cosúil leis an bpolataíocht anseo in Éireann. Is cineál cluiche atá againn anseo. Ná tá páirtí sa freasúra bíonn tú i gcoinne aon rud a deineann an Rialtas. Agus má tá tú "i bpower" tá fhios agat nach bhfuil ciall ar bit ag an dream eile. Ach ar bhealach tá meas de shaghas acu ar a chéile. Téann siad thíos ag bearr na Dála tar éis na catha!

Ach i Meiriceá tá a mhalairt de scéal ann! Is cosúil nach bhfuil meas madra ag chuid den fhreasúra ar Obama bocht. Cén fáth? Tá roinnt daoine a rá gur ciníochas atá i gceist. "Níl ceart ar bith ag duine gorm a bheith mar Uachtarán ar na Státaí!" dár leo. Deintear comparáid le Stalin, Mao agus Hitler, fiú nuair atá cuid acu mar Naitsíagh Nua.

Nuair a labhair sé le Comdháil Státaí Aontaithe Mheiriceá i rith na seachtaine seo chugainn d'úsáid duine de na teachtaí, as Carolina Theas, Joe Wilson an focal bréag ar úrlár an tí nuair a bhí an Uchtarán ag tabhairt oráid ar a phlean don chóras sláinte.
"South Carolina Republican Rep. Joe Wilson shouted "You lie!" after Obama had talked about illegal immigrants." (AP).

Tá daoine ann a deireann go ndúirt sé "You lie, boy!" Másla mór ar dhuine den cine ghorm i Meiriceá. Mar a dúirt colúnaí i gceann de na nuachtáin mór le rá an Washington Post: "Some people don't believe Wilson's outburst had anything to do with race. They'll tell you it's democracy in action. But tell that to the many African Americans who know first-hand the subtlety of post-racial slights. What had been our excitement over Obama's election is rapidly becoming consternation at a marked increase in racism and attendant racial disparities -- in health, income, jobs and housing - "

Agus deireann iar úachtarán S.A.M. Jimmy Carter go gceapann sé féin gur ciníochas atá i mbun an-chuid den chor i gcoinne seo.

'"I think it's based on racism," Carter said at a town hall meeting held at his presidential center in Atlanta. "There is an inherent feeling among many in this country that an African-American should not be president."'

Ach i ndairíre is ceart go n–eiródh le uchtrántacht Bharack Obama ar a chuid polasaithe ar an chinnithe thar a chine! Mar a deireann an Frankfurter Allgemeine: Bheadh léamh ar rath Uachtaránacht Obama sna uimhreacha; céatadán fás ar eacnamaíocht SAM; easnamh, fiaca, ráta difhostaíochta agus cúrsaí sláinte faoi árachas nó faoi chóras stáit; an méid daoine atá san Iarác agus an méid saigdiúirí a thagann abhaile i gcónra!

Is cosúil go bhfuil dainséar ann gur nimhneacht naimhdeas a chuid shaoránaigh féin a cuirfidh deire leis an brionglóid.

9.9.09

TG4 sa bhFomhair


Scéiméireacht, Seanchas agus Siamsaíocht sa Sceideal nua Fómhair

Seo ráiteas a fuaireamar ó TG4 ar maidin!

Tá drámaíocht nua bhríomhar, cláracha fiosracha faisnéise a thugann léargas nuálaíoch ar an oidhreacht Ghaelach sa mbaile agus i gcéin, ceol, damhsa agus amhránaíocht ó mháistrí na n-ealaíon sin, clúdach eisiach ar na cluichí Gaelacha d’fhir is do mhná, athchóiriú agus forbairt shubstaintiúil ar an soláthar do dhaoine óga mar aon le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha den scoth i measc na ngnéithe is suntasaí de Chlársceideal Fómhair TG4 do 2009, a fógraíodh inniu.

Rásaí na Gaillimhe - Mórshraith nua drámaíochta Gaeilge, seacht gclár, ina bhfuil an paisean agus an greann (agus beagán den ghruaim freisin) ag féile mhór rásaíochta an tSamhraidh mar chúlra le snáthanna éagsúla an scéil. Cuirtear an dráma i láthair thar sheachtain iomlán na féile agus ceann de na seacht bpeacaí marfacha mar théama breise le gach eagrán. Tá cliar iontach aisteoirí tugtha le chéile ann, ina measc Don Wycherley, Tom Ó Súilleabháin, Ruth Bradley, Frankie Mc Cafferty, Dairíne Ní Dhonnchú, Seán T. Ó Meallaigh, Eoin Mac Diarmada, Owen Roe, Charlotte Bradley, Donncha Crowley, Áine Ní Dhroighneáin agus Eoghan Ó Riada.

Bóthar go dtí an White House - Sraith ina rianaítear stair eachtrúil agus ról lárnach na nÉireannach i bpolaitíocht na Stát Aontaithe le céad go leith bliain anuas. Cuirfidh an tsraith seo síos ar chuid de na carachtair ba cháiliúla agus ba chonspóidí sa bpolaitíocht Ghael-Mheiriceánach.

Ros na Rún - Sraith úrnua den sraithdhráma is dúchasaí agus is tíriúla ar fad, atá ina cheathrú shéasúr déag anois. Níl aon mhaolú ar an ngreann, ar na haighnis agus ar na heachtraí mioscaise agus míthuisceana sa mbaile beag seo cois cuain i mbliana agus Tadhg ag dul i ngleic leis an saol nua-phósta agus le tuismitheoireacht.

Cérbh É? - Sraith ina dtugann ceoltóir aitheanta ónár linn féin ómós do laoch a chuaigh roimhe a d’fhág rian go láidir ar oidhreacht cheoil na hÉireann.

Teorainn - Sraith thráthúil faoi bhunú na teorann, beagnach nócha bliain ó shin agus faoi mheon na gCoimisinéirí Teorann a tharraing an líne ar an léarscáil.

Stíl na Réalt – comórtas siamsúil ina dtugann dhá fhoireann faoi dhúshlán suimiúil – dhá feisteas éadaigh atá cosúil le stíl réalta aitheanta (Kate Moss, SJP, Audrey Hepburn &rl) a aimsiú agus a cheannach ar bhuiséad bídeach.

Cogar - cláracha aonaracha, leathuair an chloig ar fhad a eachtraíonn scéal pearsanta nó pobail a bhí ceilte nó dearmadta – tubaiste eitleáin KLM i 1958, fear an chomhartha John 3:7 ag cluichí peile agus iomána, ról an tsiopa faoin tuath agus saol na ndaltaí i Scoil Lughaidh i Muineacháin seasca bliain ó shin.

An Jig Gig - sraith nua comórtas ina bhféachfaimid le teacht ar an damhsóir aonair nó an troupe damhsóirí traidisiúnta is fearr sa tír.


Cowboys - Sraith nua faisnéise a rianaíonn an oidhreacht láidir Éireannach atá ar fáil i stair na mbuachaillí bó i Meiriceá agus a fhéachann le teacht ar an bhfírinne faoi chuid de na finscéalta atá cruthaithe faoi mhórcharachtair na linne sin.

Daniel O’Donnell - amhránaí Cheann Casla i mbun ceolchoirme agus ag comhrá faoina shaol éachtach ceoil.

Cúla4 – Seirbhís shainiúil laethúil na bpáistí bunscoile le sraitheanna nua Ben 10, Spongebob Squarepants, Skunk Fu agus Eliot Kid.

Cúla4 na nÓg - an zón laethúil do pháistí réamhscoile ag am bricfeasta, seacht lá na seachtaine le Sesame Street as Gaeilge, Dora the Explorer, Dive Ollie Dive agus Mr. Men.

Ponc - Teideal agus láithreoirí nua (Máire Treasa agus Colmán) don zón laethúil do dhéagóirí ina bhfuil sraitheanna cáiliúla drámaíochta, réilifís go leor, guais-spórt, léirmheasanna agus comórtais.

GAA Beo - Clúdach eisiach ar na cluichí Gaelacha gach deireadh seachtaine, cluichí faoi 21, Craobh TG4 i bPeil na mBan, Craobhacha Contae agus cluichí móra i gCraobh Club AIB.

GAA@125 - Togra ceannródúil eile ag TG4 le sceideal iomlán lae á thiomnú do chomóradh 125 bliain CLG ar 1 Samhain – cláracha spóirt, faisnéise, ceoil agus cuimhneachán ó mhoch maidine go deireadh oíche .

Nuacht TG4 Seirbhís laethúil a thugann malairt clúdaigh ar mhór-imeachtaí na réigiún, na tíre agus an domhain. 7 Lá, clár a thugann anailís ar imeachtaí móra sa mbaile agus i gcéin.

Comhrá. Daoine aitheanta agus neamhaitheanta ag nochtadh a gcroí agus scéal a mbeatha do Mháirtín Tom Sheáinín.

Mí na Meala - ina bhfilleann lánúin ar ionad a gcéad saoire nuaphósta le dul siar ar bhóithrín na smaointe. Chuaigh cuid acu go hAlbain agus cuid eile go Lourdes.

Rapairí - Stair, amhráin agus an béaloideas na bpearsan seo, Éamonn an Chnoic ina measc , a bhí ina laochra ag an gcosmhuintir ach ina sceimhlitheoirí dar leis na húdaráis .

Amhráin is Ansa Liom - Roghnaíonn scoth na bhfonnadóirí sean-nóis na hamhráin is fearr leo.

Fíorscéal - an sraith fhaisnéise a thugann malairt insinte ar scéalta móra idirnáisiúnta.