16.3.09

Troscadh


Uaireanta téim chuig "Tearmann", suíomh mhacnaimh na n-Íosánach, chun sos beag a glacadh. I rith na seachtaine seo tá an smaoineamh seo ann mar thús:

"Lá dá raibh, bhí dlithe eaglasta ann maidir le troscadh a shainigh go mion méid agus meáchan an ábhair a ceadaíodh do dhuine ag príomh-bhéile agus ag roisíní.

I mbéascna an lae inniu, níl mórán céille lena leithéid. Ach amháin seo: gurb é is cuspóir le troscadh anois ár saoirse phearsanta a chosaint agus a neartú in aghaidh nósanna sean-bhunaithe, cuid acu ina nósanna iteacháin, b'fhéídir, a bhaineann leis an iomarca a ghlacadh, nó gan a dhóthain, nó an cineál mícheart a ithe nó a ól, nó é a dheánamh rómhinic nó ró annamh. Gan tracht ar mhí-úsáid drugaí. Tá neart deiseanna againn fós na laetha seo chun dea-rúin a dhéanamh. Ach meabhraigh seo: ní leor dea-rún a chumadh, nó a scríobh síos i ndialann nó a leithéid. Déantar rud fírinneach de nuair a chuireann tú é i ngníomh."

Maidir liom féin tá an carghas nach mór "more honoured in the breach than in the observance!" Ach chuir an píosa seo ag smaoineamh arís mé!

No comments:

Post a Comment