30.12.06

Saddam Husséin

Chuala mé ar maidin gur crocadh Saddam Husséin.

Is cuma cé comh huafásach is atá na rudaí a rinne sé ní dóigh liom go bhfuil an ceart ag éinne deireadh a chur le saol éinne eile.

Go ndéana Dia trócaire lena a anam, agus ar anamnacha na mílte a daor sé féin chun bháis.

26.12.06

An lá dár gcionn!

Glaogheas ar mo mháthair inniú.

Ní raibh fhios aici cé bhí ar an bhfón agus bhí orm a mhiniú di cé bhí ann roint mhaith uaireanta.

Nach aisteach an rud é an cuimhne? Ní féidir liom a shamhlú mé fhéin a bheith mar sin, gan aithne agam ar mo chuid leanaí fhéin ó neomad go neomad. Conas is féidir le duine daighleáil le rud mar sin?

Bhí lá aoibhinn againn inné - neart le n-ithe agus an clann le chéile arís.

Áthas agus áileacht na Nollag a bheith againn anois agus i rith 2007!

26.11.06

Rí na nUile..


Chuala mé é seo ag an Aifreann ar maidin, féile Chríost Rí.

‘Dúirt Pioláit leis: "Ach is rí thú ámh?" D'fhreagair Íosa: "De réir mar a deir tú, is rí mé. Chuige seo a rugadh mé agus chuige seo a tháinig mé ar an saol -- chun fianaise a thabhairt ar an bhfírinne. Gach aon duine gur den fhírinne é, éisteann sé le mo ghlór."’

Ait go leor bhí mé ag smaoineamh ar an fhírinne aréir.

Chuala mé tracht ar duine éigin i gCanada ag rá gurab é seo nó é siúd "a fhírinne fhéin." An féidir sin a bheith fíor? An féidir liomsa "mo fhírinne fhéin" a bheith agam?

Fírinne coibhneasta a tugtar ar an cinéal sin fírinne. Ach an féidir fírinne a bheith mar sin?
Seasann an fhírinne leis fhéin. Deirtear "an fhírinne ghlan" mar ní féidir cur leis ná tógaint uaidh.

Nach ceart é nach bhfuil ach an taon fhírinne amháin ann agus munar ionann "mo fhírinne fhéin" agus an fhirinne sin nach bréag í an fhírinne atá agamsa?

25.11.06

Thar n-ais!


Chaith mé an-chuid is mó den seachtain i mBaile Atha Cliath.

Ta an trácht ag éirí níos measa ansin agus is íontach go deo a bheith thár n-ais anseo i gConamara.

Bhí an Raidío ar siúl an-chuid den ama a bhí mé sa charr. Is íontach an difríocht idir "na meán" Bhéarla bunaithe i mBaile Átha Cliath agus na meán Ghaeilge atá bunaithe "faoin dtuath".

Tóg mar shampla an suíomh atá ag Raidío na Gaeltachta.

Is léir gur suíomh RTÉ atá ann agus má bhrúann tú ar aon cheann de na nascanna ar bharr (
NUACHT SPÓRT SIAMSAÍOCHT GNÓ TEILIFÍS RAIDIÓ AIMSIR EOLAS) agus téann tú caol díreach go droch bhéasach, istig i suíomh bhéarla an "Stáisiún Náisiúnta." agus an saol Bhéarla. Tá nascanna Gaeilge ann ach má tá tú ag lorg Nuacht, nó spóirt reatha mar shampla níl siad le fáil i nGaeilge.



Anois téir chuig suíomh TG4.

Is léir gur suíomh Gaelach atá anseo againn. Tá sé béasach ag 'speáint cá bhfuil an Bhéarla agus Gaeilge ann. Tá nuacht agus eile le fáil mar atá sé ar an dteilifís féin. Tá mórán le foghlaim ag RTÉ.

Cé gur as Baile Átha Cliath Raidío na Life tá siad seo béasach don té atá ag lorg Gaeilge.




20.11.06

Ar sathairn

Bhí orainn dul isteach ag an mbaile ar Sathairn.

Bhí na mná ag siopadóireacht.

Chuaigh mé isteach i siopa Charley Byrnes and thosaigh mé ag brabhsáil i measc na leabhair. Thosaigh mé ag lorg an leabhair "Fontenoy" a bhí tar éis duais a bhuachaint ag an Oireachtas ach ní raibh sé le feiscint.

Smaoinigh mé gur ait an rud é nach mbíonn feachtas díolaíochta d'aon leabhair Gaeilge fiú má bhuann sé duais.

Bhí an t-am ag imeacht agus chuaig me ag siúl síos that an Taidhbhearc - ní raibh fógra ar bith ann faoi aon dráma, nó rud ar bith i nGaeilge le feiscint taobh amuigh den amharclann.

Bhuail mé isteach chuig Séipéal na hAibhistínigh ansin. Tá an jab déanta acu den mhaisiúcháin ansin. Shiul mé thar timpeall ag breathnú ar an scríneacha agus eile. Ansin thug mé faoi deara go raibh sagart ag éisteach le faoistiní ann. B'fada ó bhí mé ag faoistin agus chinn mé ar dhul ann. Rud a rinne mé.

Bhi mé i gceart arís le Dia agus liom fhéin.

Moladh go deo le Dia.