23.2.18

Slua don Éagóir!


Tá sé beagnach dhá bhliain ó léigh mé leabhair Sheáin Uí Chuirreáin ar chás Mhaolra Seoighe - Éagóir: Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna.  Bhí spéis faoi leith agam ann mar bhí colceathar ag mo mháithair mar aon lena a seanathair, leis an ainm céanna agus tá deartháir agam a anmníodh ina dhiadh - ach an seanlitriú atá á úsáid againne - Maolmhuire. Ba as Gránard (An Longfort) ó thús iad agus tháinig an tainm síos ó na Rathallaigh is dócha. Bhí an tainm Myles ar thaobh m'athair i Loch Garman ach is ón chlann de Hóra a thainig sé agus tá mé ag ceapadh gur ainm Normánach atá ansin.

Cuid den slua ag feitheamh
Inné bhí an chéad léiriú de scannán faisnéise, Murdair Mham Trasna, léiriú de chuid Rosg,  bunaithe ar leabhair Sheáin eagraithe ag Club Scannáin Sailearna. Bhí Sean Scoil Shailearna lán go doras agus is cosúil go raibh ar roinnt daoine dul abhaile mar ní raibh go leor spáis acu istigh. Chaill siad an-scannán.

Thárla dúnmharú tubaisteach i bpobal an bheag sa bhliain 1882. Maríodh go brúidiúil cúigear sa chlann chéanna athair, a bhean, a mháthair, a iníon agus a mhac ar oíche dorcha. Gabhadh seachtair ach bhí amhras fiú ansin ar chad a thárla ar an oíche sin. Bhí breabaireacht i gceist, easpa measa ar an bpobal féin, neamh thuiscint agus séanadh cearta theanga agus polataíocht i gceist.

Sa scannán bhí staraí, comhairleoirí dlí agus saineolaithe eile (ina measc Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn),  ag caint faoin gcás i gcoinne na bhfear agus cé chomh lochtach is a bhí sé ó thaobh dlí de. Ar deireadh níl amhras ar bith ann gur daoradh daoine neamhurchóid chun blianta a caitheamh i bpriosúin agus ar a laghad duine amháin chun crochadh. Crocadh Maolra Seoighe agus beirt eile dhá mhí tár éis an dúnmharú féin.

Ní raibh aon píosa den crochadh curtha faoi cheilt ag déantasóirí an scannáin! Bhí chuile rud le feiscint go lom. Tharraing an crochadóir, Marwood, an luamhán agus osclaíodh an comhla thógála go tobann. Chualamar go léir an torann agus chonaic muid go léir an titim marbhach sin. Bhí osna uafáis ón lucht féacanna. Bhíomar ann.

D'éirigh leis an scannán ar dtús uaiféaltas an oíche Lúnasa sin i Mám Trasna a léiriú. Ansin an drámaíocht sa trial i mBaile Átha Cliath agus an uisce faoi thalamh a bhí ar siúl ann. An míthuiscint iomlán ar shaol an chosmhuintir i Mám Trasna - nó in iarthar na tíre fa seach. (Táid ann a deireann go bhfuil an míthuiscint sin fós ann i mBaile Átha Cliath ach sin scéal do lá eile b'fhéidir!).

Ach níor stop sé ansin thóg sé muid soir go Westminster agus an nimh idir Libearálaigh Ghladstone agus "tuathghríosóireacht" na dToraithe, mar a thus sé air. Bhí díospóireacht ceithre lá ar sa Phairlimint ach sa deireadh níor thárla aon ní as. Bhí Maolra agus beirt eile marbh agus bhí cúigear i bpriosún agus fios ag muintir ná háite go raibh éagóir déanta.

Ag deireadh an scannán bhí píosa ann a tharraing deor ó dhuine amháin den lucht féachanna agus níos mó. Cá bhfios. Sa bhliain 1902, tá éis dá scór bhliain faoi ghlas, ligeadh amach triúr den cúigear a daoradh agus bhí ortha a mbealach féin a dhéanamh ó Ghallimh siar siar thár n-ais chuig a n-áit dhúchas, Mám Trasna. Chonaicamar iad ag siúl go mall ar an mbóthar agus ansin go tobann bhí a mná ós a gcomhair. Nach minic a deintear dearmad ar a bhfulaingt? Cuirtear béim i gcónaí ar na fír a deineadh éagóir ortha ach nach fíor go mb'fhéidir go n-ealaíonn fulaingt na mná uainn agus muid ag plé chúrsaí. Ní fios dúinn cad a thárla do bhean Mhaolra Seoighe go dtí an lá atá inniú mar shampla.

Tá an scannán le bheith ar TG4 i gcionn mí nó dhó. Molaim gan é a chailliúnt.